Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 288

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 288

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 288
  3. XML “Oíche Fhéile Eoin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Coidcís roimh an oidhche sin is gnáthach le aos-óg na h-áite seo gach uair díomhaoin a chathaimh ag cruinniú smután is grágann go dtí áiteacha áirighthe mar chrois bhótair agus i n-amanna ar bharraibh na gcnoc le teine Feil' Eóin a lasadh ar an oidhche sin. Is minic iad féin agus na seandaoine ag troid le chéile mar rinne na seandaoine usáid de mhaidí phoill agus de ghrágain le claidheacha a thógail fá n-a gcuid páirceanna agus nuair a théidh an aos óg a chruinniú ádhbhar teineadh is minic a bheir siad leo na maidí seo.
    Ag dul o sholus oidhche Feil' Eóin cruinnigheadh buachaillí agus cailíní agus lastar na teinte seo agus nuair a bhíos sí ag dóghadh i gceart toisigheann an greann agus an chuideachta agus an damhsa. Nuair a bhíos siad tuirseach ag an obair sin, tiomanan baicle aca leó agus maidí ar lasadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Sin Seáin (~208)
    Teanga
    Gaeilge