Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 282

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 282

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 282
  3. XML “Oíche Fhéile Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheireadh duine de bhunadh an toige amach an cliabh agus a rabh ann go dtí an doras cúil. Theigheadh sé ar a ghlúine ag an doras agus bhuaileadh sé buille beag air ag radh. "Gabhaigí ar bhur nglúine. Fosglaigidh bhur súile agus ligidh isteach Brighid Bheannuighthe."
    Labhaireadh fear a toighe da fhreagar.
    "Seo beatha na mná uaisle."
    Bheirtí an cliabh isteach annsin agus thógadh gach duine a bhall féin as le n-a choinneáil go ceann blíana no bhi sé creidte aca go gcosnochadh an ball iad ar gach contabhairt. Bratach Bhrighde a bheirtí ar an bhall sin. Annsin thógtai an luachair agus an cochan as an chliabh agus gníthí crosogai díobtha agus indiaidh uisce coiscriocta a chur ortha chroctai ceann aca i ngach seomra sa teach agus ins na boithigh fosta le bunadh an toighe a shábhail (mar deireadh an dream nach maireann) ar olc ar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge