Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Lastai dha choinneal dheag i ngach teach i bhfad o shoin ach tá an gnás sin leigthe ar dearmad anois ins an áit seo. Cuid a deireadh gur i n-onoir an daréag apostal a lastai íad agus cuid eile gur ó thairbhe saoire an dá lá dheag idir Nodlaig Mhór agus Nodlaig na gCoinneal a leigean ar ceal. Is gnáthach go foill ánnlann neamh choitcheann a bheith ag daoine annseo le n-a dhinnear.

Gnidheadh na daoine trosgadh an lá seo go tráthnóna. Annsin bhíodh suipear brúitíní agus ime ag na teaglaigh. I n-a dhiaidh sin deirtí an paidrín agus annsin theigheadh ceann urraidh an tighe amach agus chuireadh sé sopóg luachra i gcliabh agus dlaoi cocain le n-a chois. Chuireadh gach duine de'n teaghlach ball de n-a chuid éadaigh sa chliabh fosta. Annsin

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge