Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

agus chuaidh sí le gugan uisce a thógail as an bhucaid, acht caidé do bharramhail nach rabh an t-uisce i n-a fuil. Chreathnuigh sí agus d'amharc sí thart agus tcí sí aingeal a dubhairt léithe go dtearn sí éagcóir mhoir ar Día nuair a bhris sí saoire na h-oidhche sin no gur tharraing sí cuid fola an t-slánuightheóra arís.

Bhi pótaire ann aon uair amháin agus bhi an dúil amach aige 'san olachan. Chualaidh sé iomrádh ar an uisce tiopmughagh i n-a fuil oidhche Nodlag Beag agus aon oidhche amháin aca sin dar leis gur mhaith an rud deoch shaor fhághail agus go siudhfeas sé go meadhon-oidhche le h-a sháith de'n fíon sin a ól. Rinne ach ar maidín bhi sé sinte marbh ar bhruach an tobair

Teanga
Gaeilge