Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Sin an oidhche deireannach den t-sean bhliain. Bhí sé creidte ag an t-sean muinntir agus tá lán cor dhuine go fóill a chreideas go dtiompughadh an t-uisce i n-a fhíon an oidhche sin no gur i gcoithrim na h-oidhche sin a d'oibir Críost an chead mhiorbhailte, se sin, aistuighadh an uisce go fíon agbainfheis Chána. Bhi sé creidte aca fosta dá dtogtai uisce indiaidh ghabhail ó sholas an tráthnóna sin go dtiocfadh léan sgrios ar bhunadh an toighe agus mar sin dó, bhíodhuisce an toighe istigh i ngach teach roimhe luighe gréine.
Sgéal i dtaoibh an chreideanna seo. Bhi bean ann aon uair amháin agus chuaidh sí amach agus thug sí isteach stópa uisce indiaidh luighe gréine oidhche Nodlag Beag, agus d'fhág sí an stópa i gceann an toighe. I dtráthaibh am luighe bhuail tart í

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge