Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 264
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi beirt fhear ann fadó agus bhi dúil mhó aca a bheith ag imirt chárdai. OIdhche amháin bhí cluiche i dtígh agus bhi an péire ag an imirt. Bhi sé domhain i gceart san oidhche nuair a bhi deireadh leis an chluiche agus ar an bhealach abhaile do'n phéire chonnaic siad fear beag dubh agus tábla aige agus é ag imirt chárdai. D'fhiafruigh sé dón bheirt fear a n-imreochadh siad cluiche leis. Dubhairt siad nach n-imreochadh agus on lá sin amach char thiompuigh aon fhear den bheirt cárda ar tábla.
- Bhi fear ann aon uair amháin agus chuaidh sé amach chun na bhoithigh go n-amharcadh sé an rabh an t-eallach i gceart sul a dtéigheadh sé a luighe. Nuair a d'fhosgail sé an doras fuair sé ceann de na ba sgaoilte ag an doras. Chuir sé trasna na saince í agus chuaidh sé anonn a'ghabhail dá ceangal, ach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Conghail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eoghan Mac Grianna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall