Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Scéal Eile”
  4. XML “Taibhse na Binne”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mine. Nuair a thug sé an mhin 'un a bhaile tháinig fear isteach agus chuir sé ceist air an dtiocfadh leis cúpla peice mine a thabhairt dó ar íasacht go bhfágadh sé a chuid féin. Dubhairt sé go dtiocfadh. Nuair a fuair sé an mhin d'imthigh sé amach ar an doras agus chan fhaca fear an toighe cé an bealach a dteachaidh sé. Tháinig an fóghmhar arais agus char mhothuigh siad an fear. Oidhche amháin tháinig sé isteach agus dubhairt sé go rabh níos mo mine annsin na fuair sé agus d'fhág sé dhá mhála istigh.
    "Sin," ar seisean. "An grainín mullaigh ón mholaidh bhuidhe i ngoire de chruachan leithbhearr".
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhi fear a'gabhail amach ag obair maidin amháin roimh éirge gréine. Nuair a bhí sé ag teacht taoibh le binn a bhí thuas udaigh chonnaic sé ceathrar ban thuas ar an árd agus íad ag damhsa. Ar theacht arais dó san oidhche chuaidh sé isteach i dteach cómhgrach do'n árd.
    Bhí fear tinn sa teach. D'fhíafruigh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Dómhnall O Dubhgain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall