Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Dubhairt sí annsin leis da mbíodh a fhios aige cen t-ainm a bhi uirthí nuair a bhéadh an gréasan deánta aige go bronnfadh sí an gréasan air na páistí. Oidhche amháin bhi fear ag dul thrt le binn agus é ag tarraingt ar theach an fhigheadóra agus chuala sé callán istigh san bhinn agus bean agus í ag ceól. Dubhairt si "Nach beag a shileas fear an toighe sin thíos gur "Siosruigh Labhraidh" m'ainm-se."
Chuaidh an fear seo isteach go toigh an fhigheadora agus d'innis sé caidé chuala sé. "Is maith liom sin a chluinstean." arsa'n figheadoir. "Maram gur sin an bhean a thug mála an t-snáth domhsa."
Nuair a tháinig sise fa choinne an ghréasan chuir sí ceist air an rabh fhios aige a h-ainm. D'innis sé díthe agus "sé dubhairt sí leis "Na bac le fear na fideóige. Is é a d'innis m'ainm-se duit."