Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi sagar ann uair amháin agus fuair sé bás. Is cosamhail go rabh aifreann le rádh aige nar dhubhairt sé agus ní rabh sé fá shuaimhneas indiaidh a bháis. Bhi cailín bocht a'gabhail thart ag iarraidh déirce ins an pharoiste agus thárla go deachaidh sí isteach go toigh an phobail le paidir a rádh. Bhi coim na h-oidhche ag teacht agus nuair a chuaidh sí isteach go toigh an phobail thuit sí i n-a codhladh. Cuireadh an glas ar dhoras toighe an phobail fá choinne na h-oidhche. I lár na h-oidhche mhuscail an cailín beag agus d'amharc sí thart agus chonnaic sí sagart ar an altóir a bhí a gabhail a leigheadh aifrinn. Caidé bhi ann ach taidhbhse an t-sagairt. Chuir an sagart ceist an rabh aon duine annsin a dheánfadh an t-aifreann a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Íde Nic Giolla Easbuic
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Nóra Ní Gallchobhair
Inscne
baineann
Aois
71
Seoladh
An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge