Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 242

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

nuair a dubhairt a bhean a tháinig isteach go rabh cófra thíos a gcionn an toighe agus go rabh dhá dhuisín uibheach ann. Chuaidh an bhean fhad leis an chófra agus thug sí dhá uibh dithe as. Thug ag bean a tháinig isteach buidheachas mór díthe agus dubhairt sí go rabh sise i n-a comhnuidhe ins an bhinn thíos de'n teach. Le sin d'imthigh sí as amharc isteach sa bhinn agus deirtear go bhfuil an bhinn sin fliuch ón lá sin go dtí an lá indiu.

Bhi stocach beag ann uair amháin agus níor choruigh sé as an chludaigh go rabh sé i n-a ghasúr mhór. Lá amháin dubhairt an mháthair leis go gcaithfeadh sé an chlúdaigh a fhágail agus rud éigin a dheánamh dó féin. D'imthigh sé agus chá dtáinig sé arais go ceann bliadna. Bhi claith mhaith air a'theacht dó

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge