Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

ndeánfadh. Tháinig sé go dtí áit a rabh beithidhigh ag rith ann. Ní dhearn sé iongantas ar bith de'n rása. Tháinig fear comh fada leis agus chuir ceist air ca tuige nach rabh sé ag deánamh iongantas do'n rása. Dubhairt sé nar chúis iongantais ar bith do-san iad. Chuir an fear a tháinig fhad leis ceist air an bhfaca sé dadaidh aríamh a bhí comh gasta leó. Dubhairt sé go bhfaca; go rabh bean thall i n-Éirinn aige-sean a bhi comh gasta leo. Chuir sé sgéala chuici a theacht agus tháinig. D'imthigh sí féin agus na beathaigh i n-a rith agus bhí sí i bhfad roimhe na beathaigh ach ag an rása deiridh thuit sí marbh.