Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 235

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an teach chuaidh sé tríd pháirc choirce a bhí geárrtha agus ní rabh don stuca ins an phairc nach rabh scaifte caorach ag ithe air. Thoisigh sé a chur na gcaorach, acht an áit a gcuirfeadh sé an tóir ar sgaifte thiocfadh a dhá oiread i n-a n-áit. Chuaidh sé isteach un toighe fá choinne an mhadaidh agus ag teacht amach do ní rabh caora le feiceail aige. Láthair na mhárach tháinig sé amach fá choinne an chocain mar mheas sé go rabh an coirce uilig ithte agus caidé do bhearramhail an t-iongantas abhí air nuair a chonnaic sé nach rabh oiread agus grainín de'n choirce ithte?

Bhi seanduine agus seanbhean i n-a gcómhnuidhe i gcró beag agus sé an seórt cró a bhí aca cró mhónadh. Ní rabh siad ró mhór le chéile ach lá amháin rinne an seanduine suas a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Tomás Mac Fhlaithbheartaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Seán O Cearbhaill
Inscne
fireann
Aois
65
Seoladh
Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge