Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 225

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi féirmeóir ann aon uair amháin agus bhi buachaill aimseara a dhioghbhail air. Chuaidh sé go margadh na smhna i Litirceanainn agus rinne sé buachaill a fhastodh. Chuaidh siad 'un a bhaile agus chuir sé a sháith iongantais ar an bhuachaill gloinne uisce bheatha a fhághail ón mhaighistir indiaidh a shuipeara. Bhi go maith a's ní rabh go h-olc go dteachaidh an buachaill a luighe agus go rabh sé ar bhordaibh a ghabhail a chodhladh. Tháinig ceathrar fear dubh isteach agus shín siad cómhnair ag taoibh na leabtha agus d'éaluigh leo amach an doras arís. Bhi an buachaill bocht i gcruadh chás agus é dórtughadh alluis do féin le tréan eagla nuair a d'éirigh an clár de'n chómnair agus seo amach fear aistí feistighthe i n-éideadh na marbh.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Éamon Mac Pháidin
Inscne
fireann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Éamon Mac Pháidin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
50
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge