Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 210

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 210
  3. XML “Gasúr an Bhearnais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le h-amharc air.
    "Gasuir," arsa O Dómhnaill indiaidh suidhe ar saoisteóig, "Ca bhfuil d'áthair."
    "Tá sé ar an bhaile mhór," arsa gasur an bheárnais.
    "An bhfuil dochar a fhíafruigh caidé a ghnoithe ann?" arsa O Dómhnaill.
    "Maise níl la dochair ann," arsa gasur an bheárnais. "Tá sé ag baint na tuighe de n-a theach féin agus dá chuir ar thigh na cómhursan."
    "Diabhal mé gur congantach an ealadhain atá air" arsa O Dómhnaill. "Ach a ghasúir a beárnais ní thuigim brígh do chuid briathra."
    Maise mas díamhair is fíor," arsa'n gasúr."Tá sé ar an bhaile mhór le seachtmhain ag ól agus fágann sin go bhfuil sé dá fheannadh féin le croiceann slim sleamhain a chur ar lucht na dtighthe leanna."
    "S'fíor dhuit," arsa'n breitheamh. "Cá bhfuil do mháthair?"
    "Tá sise ar an bhaile mhór fosta," arsa'n gasúr.
    An dó'n mhúnadh a fhíafruigh caidé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Dómhnall O Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mín Doire, Co. Dhún na nGall