Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

marbh ag éirge beo. Níor fhan duine aca i mbun an duine eile agus d'imthigh siad ins na ruaidh-reatha agus d'fhág an bheóir agus an t-airgead i n-a ndiaidh ag an bheirt fhear a bhi a'briseadh a gcroidhe a gáiridhe fútha.

Bhi breitheamh i mBaile-Átha-Cliath aon uair amháin dar b'ainm dó O'Dómhnaill agus tigeadh sé ar cuaird o am go h-am chuig cara do d'ithreabh chloinn Uí Bhaoighill na Rosann. Ba é an bealach a bhíodh leis anuas an beárnas atá idir an Clochan Liath agus Litir-Mhic-a-Bháird. Lá dá rabh sé ag teacht an bealach thríd an bheárnas bhuail sé isteach i dtig a'deánamh a sgíthiste agus chan fhuair sé roimhe annsin ach somachan de ghasur bheag bhratogach nach dtabhairfeá trí leithpíghní air

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Dómhnall O Dochartaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Mín Doire, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge