Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 195
- XML “Dubh agus Donn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)feannta i gceart aige go dtáinig sean-chailleach mhór isteac; cuid fionnaidh a cinn a gabhail go dtí na guailneacha uirthí; cuid a guailneacha a gabhail go dtí na sála uirthí agus cuid a sála ag tarraingt seacht slata déag i n-a diaidh. Chuir sí ceist ar Dubh caidé bhi sé a' dhéanamh annsin agus dubhairt sé go rabh sé ag feannadh giorrfiadh.
"Caithfidh tú roinnt liom-sa", ar sise.
"Ca rannam", arsa Dubh. "Níl ann ach ceathramha damh féin, ceathramha do mo coileán cú, ceathramha do m'éan seabhaic agus ceathramha do mo chapall bán."
"Muna rannaidh tú liom-sa caithfidh tú mé a throid". arsa'n cailleach. "Maith go leór", arsa Dubh.
Tharraing sí trí ruibe se na cuid fionnaidh agus d'íarr sí air a chuid searbhfoghanthaidhe a cheangal. Cheangal agus thoisigh an troid. Bhi cailleadh ar dhubh agus sgairt sé. "Cuideadh, cuideadh ó mo chapall bán".
"Teann teann a ribe", arsa'n chailleach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Ghallcobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamon O Dubhghain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall