Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 194

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi beirt fhear ar an t-sean-bhaile dar b'ainm díobhtha Dubh agus Donn. Dubhairt Dubh le Donn go rabh seisean ag imeacht agus go gcuirfeadh sé sgian sa tobar agus dá mbíodh fuil uirthí choidhche go mbéadh seisean marbh. Chuir sé éan seabhac ar a bhais, coileán cú le n-a chois agus chuaidh sé ar mhuin an chapaill bháin. Nuair a bhi an oidhche ag teacht d'éirigh giorrfiadh amach roimhe agus sgaol sé an coileán cú leis. Nuair a bhíodh an coileán cú ins an lag bhíodh an gciorrfiadh ins an lag agus sin mar bhi gur chaill an coileán cú an giorrfiadh. Cha rabh i bhfad gur éirigh giorrfiadh eile. Sgaoil Dubh an coileán cú leis agus fuair an coileán cú greim ar an ghiorrfhiadh. Chonnaic Dubh solas i bhfad uadh agus tharraing sé air. Chuaidh sé isteach un toighe, fuair sé goblaid agus d'fhea[?] sé an giorrfhiadh. Chá rabh an giorrfhiadh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Ghallcobhair
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Éamon O Dubhghain
Inscne
fireann
Aois
56
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge