Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 193
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é go dtí páirc chruithneachta. An bhfacaidh tú comh maith sin ag do mháthair ariamh? ar sé. "Chonnaic", arsa'n buachaill. "Chuaidh mé suas lá a bhaint chruithneachta agus bhain mé an t-iomlán dí ach trí stáca. Chuaidh mé a bhaint na dtrí stáca lá eile agus rinne mé dearmad do mhála. D'amharc mé síos agus chonnaic mé dearnóg ar mo bhrollach. Bhuail mé an dearnóg agus líon mé de bhiadh i. Chaith mé ar an domhan í agus creidim gur sin cuid díthe ag fás i do gharadh-sa. Thug mé léim anuas ar an leacht ruadh agus léim madadh as an leacht agus bheir sé greim cluaise orm. Bhuail mé slap ar an mhadadh agus steall mé dhá fhear déad amach as a thoin agus bhi acha'n fear aca níos feárr no thusa.
"Bréagach thú", arsa'n fear.
"Ma tá mise bréagach" arsa'n buachaill.
"Ta do ingean bainnte agam"
B'eigean do'n fhear an ingean a thabhairt dó.- Bailitheoir
- Meadhbh Ní Ghabhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal 'Ac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall