Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 192
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"seadh", arsa'n t-athair. "Tá ingean agam-sa agus duine ar bith a bhainfeas "breagach tú"asam gheobhaidh sé í le pósadh. Muna ndéana sé sin caillfidh sé an ceann".
Thug sé leis an buachaill go dtí cruach mhónadh.
"An bhfaca tú cruach mhónadh ariamh ag go do mháthair comh h-árd léithe sin?" ar sé.
"Chonnaic", arsa an buachaill.
"Caidé an doigh a ndeir tú sin?" ar seisean.
"Tá", arsa'n buachaill. Nuair a bhíodh na preachain a gabhail thart os ceann chruach mo mháthara ins an oidhche bhíodh siad a piocadh na réaltóg as an spéir."
Thug sé leis an buachaill go dtí gáradh cáil agus dubhairt. "An bhfaca tú gáradh cá[?] ag do mháthair comh maith leis an gháradh sin ariamh?
"Chonnaic", arsa'n buachaill. "Nuair a thigeadh cioth cloch sneachta bíodh na [?] ábalta gabhail ar fosgadh faoi na cinn cáil i ngáradh mo mháthara".
"Tcím", arsa an fear, agus thug sé leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meadhbh Ní Ghabhain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal 'Ac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall