Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi fear agus bean ann aon uair amháin agus bhi mac amháin aca. Dubhairt an fear le n-a mhnaoi
"Ní beag damh-sa a bheith ag obair go cruaidh rith mo shaoghail agus gan mo mhac a bheith i n-a sglábhuidhe le n-a shaoighal 'mo dhiaidh. Sílim go gcuirfidh mé ceird roimhe."
Dubhairt an mháthair go rabh sí sásta agus d'imthigh an t-áthair agus an mac an lá thar na bhárach agus shiubhail siad leó go dtáinig siad fhad le teach leanna. Smaointhigh an t-áthair go rachadh sé isteach go mbéadh gloinne aige agus d'innis sé do fhear an toighe go rabh mac leis a gabhail a chur le ceird.
"Tá fear thuas annseo agus cuirfidh sé ceird roimhe do mhac" arsa fear a toighe.
"Fear a dtugann siad coindeal air."
Chuaidh sé féin agus an mac suas agus chuaidh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Meadhbh Nic Shuibhne
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Seamus Mac Aodha
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge