Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 150
  3. XML “Cláiríneach na Luatha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a d'éirigh sí ar maidin shín sí léithe agus chuaidh an mháthair amach agus bhí sí ag mallachtai uirthí go deachaidh sí as amharc. Shuibhail an ingean léithe go dtáinig ciuin na h-oidhche uirthí. Shuidh sí a dhéanamh a sgíthiste agus chuaidh ag ithe cuid de'n tuirtín. Le sin tighídh madadh beag thart agus d'iárr sgéar de'n arán uirthí, [?] ar sise "bhi ar shiubhal a mhadaidh bigh bheadaidhe. Is beag agam féin é,"
    D'éirigh sí agus shuibhail sí léithe. Ní rabh i bhfad go bhfacaidh sí solus i bhfad uaithe. Tharraing sí air. Bhuail sé ag an doras. Tháinig fear an toighe amach agus d'fhíafruigh caidé a bhi a dhith uirthí. Dubhairt sí leis gur seirbhíseach í ar lorg maighistire.
    "Is maith a thárla ar a chéile sinn" arsa an maighistir. "Tá mise ar lorg seirbhísigh. Caidé an tuarasdal atá tú 'éileamh?"
    "Cúig phunnt." ar sise.
    "Bhéarfaidh mise sin duit" ar seisean" ach mar ndéanaidh tusa gach rud a n-íarrfadh mise ort chan feáirrde duit é".
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Meadhbh Ní Gabhainn
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Dubhghain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    77