Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 147

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Annsin chuaidh sé'léím idir an cholainn agus an ceann no dá dtéigheadh an ceann ar an cholainn arís ní rabh oiread Fiann i n-Éirinn agus sgarfadh o chéile iad.

Bhi fear ann uair amháin agus bhi triút=r mac aige, agus ní rabh de thalamh aige ach coillidh chrann. Nuair a fuair sé bás d'fhág sé cam agus díreach ag fear aca. D'fhág sé úr agus sean ag an dara fear agus d'fhág sé faoi'n talamh agus os a chionn ag an tríomhadh fear. Nuair a bhi a n-áthair curtha thoisigh an triúr mac a throid fá'n oighreacht. Bhi gach duine a'meas gur leis féin an talamh. Lá amháin dá rabh siad a'troid mar seo casadh fear leo agus d'fhiafruigh sé díobhtha cá tuige a rabh-siad a'troid. Dubhairt fear aca go bhfuair a n-áthair bás agus gur fhág sé an talamh aige-sean.
-Chán agat a d'fhág sé é," arsa an dara fear-
"ach agam-sa."
"Chan ag ceachtar agaibh a d'fhág sé é ach

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
(ní thugtar ainm)
Inscne
ní fios
Faisnéiseoir
Máire Ní Fuaruisce
Inscne
baineann
Seoladh
Caoldroim Íochtarach, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge