Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis. Chuir agus s'é an t-ainm a bhi air Chaoilte crodhe. Deir an Caoilte leis:
"Nach nár duit-se theacht thar sáile agus gan leat acht tú féin, aon fhear?"
Deir an garbh: "Da mba liomsa an bhuadh-bhuidhe ó éirge gréine go luighe ní thabhairfinn liom thar sáile ach mé féin aon fhear."
Deir an Caoilte - "Da mba leat-sa an bhuadh-bhuidhe ó éirge gréine go luighe d'ordochainn féin duit deich gcéad laoch thar saile bheith leat".
Deir an Caoilte arís, "Caidé brígh do thurais go h-Éirinn?"
Deir an garbh, "brígh mo thurais go beacht, sgéal fíor as ní beann leat; cean ghoill, ceann choill, ceann choirb agus ceann Airt, ceann an ghaiscidigh mhóir agus a maireann beó d'fhíannaibh Éireann".
Ní rabh sé fanacht ach go madin. Chuaidh sé suas go teach an chomhraic agus b'éigean do chéad aca an teach a fhágail(leanann ar an chéad leathanach eile)