Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Annsin dubhairt an fear bocht, "Is luth an reathaigh 'sa ghruaidh ar dhath an druithle fhad a's bhéas grían fhlaitheamhnais ar an aer chá dtéid fíal go hIfreann."
Annsin thug sé mála do Cholmcille agus d'íarr sé air an mála a chrochadh i gcúl an dorais agus ca bith duine bocht a thiocfadh go dtí an doras a rádh leis a lámh a chur sa mhála agus ce bith a gheobhadh sé ann a thabhairt leis. Is é Ceárrbhach is mó a fuair ann ariamh bhi sé ag imirt cárdai agus d'imir sé a chuid airgdid uilig. Smaoinigh sé ar mhála Cholm agus tháinig sé go dtí an mála agus fuair sé bonn déich-bpighinn ann. Thug sé leis an bonn agus bhain sé iomlán a chuid airgid féin arais.

Bhi bean ann aon uair amháin agus bhi sí i n-a cómhnuidhe go saidhbhir agus bhi teaghlach aicí. Bhi sí gallda. Thigeadh sagart ar cuairt chuici go minic. Oidhche amháin rinne sí amach go

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge