Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Tá do sháith annsin go rabh sé cneasuighthe agus d'imthigh sí amach an doras agus an sgian sáithte inntí. Bhi loch ag taoibh an toighe agus chuaidh sí isteach ins an loch agus báidheadh í.

Bhi fear ann fadó darbh' ainm Tomás Mór agus chuaidh sé síos 'un na chladaidh a bhaint leathaigh. Nuair a bhi sé 'teacht comhgrach de'n fhairrge léim cat mór dubh as faoi charraig agus ghlac sé seilbh ar an charr agus ar an bheáthach. Chuir Tomás an carr thar an chat agus mharbhuigh sé é. Nuair a bhi an cat a fhághail bháis labhair sé le Tomas Mór.
"Nuair a rachas tú 'un na bhaile innis do ghliodai na luatha gur mharbhuigh tú an rí-char cruadhach"
Nuair a chuaidh Tomás abhaile d'innis sé dí n-a mháthair caidé thárla. Thoisigh sise ag gáiridhe faoi. Bhi gliodai beag na luatha

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Fhearadaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Eoghan
Inscne
fireann
Aois
56
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge