Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 136

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

tráth agus bratóg i n-a béal. O'n lá sin amach sé an t-ainm atá ar an áit, Srath-na-Bratóige.

Bhi fear ann aon uair amháin agus ise an t-ainm a bhi air Seán Craosach. Bhi teach aige le taoibh cnuic agus bhi cú aige. Oidhche amháin nuair a chuaidh sé a luige tháinig bean isteach agus léim an cú ar a cúl le h-eagla agus bhi fhios aige gur droch rud a tháinig isteach. Bhi leabaidh-bheag ag taoibh na teineadh agus shuidh an bhean ar an taoibh eile de'n teine. Bhi sí ag druidim anall fhad leis an fhear. Bhi sgian aige sean agus sháith sé an sgian inntí.
"A Sheáin" ar sise, tarraing agus sáith ach ní tarraingeochadh Seán agus dubhairt sé

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Chonghail
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Eoghan Mac Grianna
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge