Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 126

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí sean sagart paróiste ann fadó agus lá amháin nuair a bhí sé ag siubhal an bealach mór casadh stócach air. D'fhiafruigh an sagart dó'n bhuachaill ca mhéad Dia a bhí ann agus ba é an freagra a thug an buachaill air, "Níl ceann ar bith aca sin thart annseo."
Bheir an sagart greim cluaise ar an ghasúr agus dubhairt go feargach: "tá tú sean go leór le freagra 'thabhairt ar an cheist sin. Innis damh cá mhéad Dia ann agus ligfidh mé cead do chinn leat
"lig amach mé ar dtús", ars'an gasúr,"agus bhéarfaidh mé freagra ar an cheist annsin"
Lig, ac 'sé an rud a léim an gasúr thar an chlaidhe agus ghlaoidh go buadhach, "da mbíodh fios agam ca bhfuil duisin aca anois cha n-innineochainn duit é."

Bailitheoir
Máire Nic Aodha
Inscne
baineann
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Pádraig Mac Aodha
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge

Bhi fear ann uair amháin agus sé an t-ainm a bhi air Pádraig. Chuaidh sé suas 'un t-sleibhe

(leanann ar an chéad leathanach eile)