Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 125

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

fear agus loit mé beirt.
"Ó tcím" ars'an sagart,"Tá an díabhal ort"
"Ma tá", ars an gasúr, "Cha bhionn i bhfad".
agus chaith sé an sagart bocht isteach san abhainn agus ní rabh ann acht nar báitheadh é.

Bhi stócach beag ag buachailleacht ar thaoibh an bhealaigh mhóir lá agus bhi sé ag déanamh pioctúir teampaill le cac bó. Tháinig an ministir thar agus d'fhiafruigh sé dó'n ghasúr caidé bhi sé a dhéanamh. D'innis an stócach dó gur pioctúir teampaill.
"Agus cá bhfuil an ministir?"
"Ó ars an gasúr, níl mo sháith aoiligh agam le ministir a dhéanamh".

Bailitheoir
Máire Nic Aodha
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Pádraig Mac Aodha
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Teanga
Gaeilge