Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhi fear ag teacht anoir as na Croisbhealaigh lá amháin agus bhí mála mine leis ar dhruim beithidhigh. Chuaidh sé anonn an tráigh agus ar ghabhail thríd an deán dó thuit an mála isteach san uisce. Bhí fear wile ag coimhead air agus sgairt sé amach go magadhamhach "A ghiolla thall, is feárr dhuit tuilleadh mine a chur ar an uisce no béidh an brachan lom".

Bailitheoir
Seósamh Mac Aodha
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Séamus Mac Aodha
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
57
Seoladh
Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
Teanga
Gaeilge

Bhi sagart ann am amháin agus lá da rabh sé a'gabhail an bealach, tháinig sé ar ghasur ag buachailleacht uan. D'fhíafruigh sé dó'n ghasúr an rabh fhios aige a chuid urnaigh. Dubhairt an gasur nach rabh fhios.
"Congbhuigh cuimhne ar an phaidir seo", ars' an sagart. "A uain Dé, déan trócaire orainn"

(leanann ar an chéad leathanach eile)