Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 119

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 119

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gort an Choirce
  2. XML Leathanach 119
  3. XML “Amach as Ifreann Níl Slánú”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann aon uair amháin agus bhí sé an-tugtha de'n ólachán. Lá amháin bhí sé ag siubhal ar an bhealach mhór agus é ar misge. Thuit sé i n-a chodladh. Thárla go rabh sgaifte fear a gabhail chuig na gcuid oibre i bpoll guail agus dar leo go mbuailfeadh siad boc air. Thug siad leo síos 'na poill é agus d'fhág annsin é. Nuair a tháinig seisean cúige féin agus shónruigh sé an áit a rabh sé agus na fir a bhí annsin agus a n-aghaidh comh dubh leis an díabhal cha rabh fios aige caidé a bhain dó. D'fhiafruigh sé dó fhear aca cé'n áit a rabh sé agus duabhairt an fear leis "Tá tú i n-Ifreann ach ní droc áit í." Annsin thug siad a sháith le h-ithe dó agus d'fhág siad buideal eile uisce beatha aige. D'ól sé an buidéal agus ba ghoirid gur thuit sé i gcodladh misge eile. Annsin thug na fir leo é agus d'fhág siad é ins an áit cheadhna (é) ar thaoibh an bhealaigh an mhóir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Ní Ghabhann
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Gabhann
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall