Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)

Suíomh:
Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Giolla Easbuic

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(1) Chuardh dubh agus bán suas an cnoc. D'fhan bán thuas agus tháinic dubh anuas.
Réidhteach - Cearc dubh a bheir uibh bhán san fháir.
(2) Caidé thig le cearch dhubh a dhéanamh nach dtig le cearc bhán a dhéanamh?
Réidhteach: Thig le cearc dubh uibh bhán a bhreith acht ní thig le cearc bhán uibh dhubh a bhreith.
(3) Tá sé comh cruinn le mo dhorn agus chá luigheann sé ar chlár cófra.
Réidhteach - uibh.
(4) Bairille ar an t-sráid agus a dhá shúil druidte.
Reidhteach - uibh.
(5)Caidé an rud is glaine no mnaoi ghlain
Réidhteach - uibh.
(6) Caithfidh mé suas é comh geal le sneachta agus tuitfidh sé anuas comh buidhe le h-ór.
Réidhteach - uibh.
(7) Caidé'n rud a bíos ar bharr an uisce agus nach bhfluchtar?
Uibh i droim lacha.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge