Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann am amháin agus d'fhastodh sé gasúr. Badh é an margadh a bhí ann é a chuid a fhagháil go maith. Nuair a d'éirigh an gasúr ar maidín ní bhfuair se ach brachan agus bláthach agus cuireadh amach ag bualsdh coirce é. Bhí cruach mhór coirce buailte aige in am dinéara agus é iongantach tuirseach.
Sgáirt a mhaighistir isteach air chuig a dhinnéar agus ní bhfuair sé ach brachan agus bláthach. Nuair a bhí sé ite aige, cuireadh amach a bualadh coirce aríst é agus bhí sé ag obair leis go am tae agus sgairt a mhaighistir isteach air chuig a chuid tae agus fuair sé brachán agus bláthach arís agus chuir a mhaighistir ceist air an rabh sé sásta agus dubhairt an gasúr nach rabh agus dubhairt an maighistir duine a bith nach mbíonn sásta go gcaithidh an chluas bhaint de agus é a chur chun na bhaile.
Thug sé leis sgin agus bhain de an chluas(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Maighread Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 43