Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anall agus dubhairt sé ná dtiocfadh an mac anall go dtí go bhfeiceadh sé an fear ag dul anonn.
D'iarr an bhean ar an fhear a dhul anonn agus nuair a tháinig an mac an fear ag teacht. D'imthigh sé an méid a bhí ina chorp agus d'imthigh an fear i ndiaidh an mhic agus d'imthigh an bhean indhiaidh an fhir agus bhí siad uilig ar shiubhal agus d'ith an gasúr a sháith agus thug sé leis an beathach bán agus d'imthigh sé casadh air dochtúir. Chuir an dochtúir ceist air an rabh se ag dul at fástodh.
Dubhairt an gasúr go rabh sé ag dul ar fástodh agus dubhairt an dochtúir go rabh seisean ag dul a chuartúghadh seirbhiseach agus bubhairt an gasúr go rachadh seisean leis.
Dubhairt an dochtúir go rabh an bhean agus a nigheann ag éileadh le fada agus go dtiocfadh leis féin a dhinnéar a dhéanamh réidh agus tháinig sé fhad leis an teach. Bhí an mháthair ina suidhe thaobh amháin de'n teinidh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Colla
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50