Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Im ar an Dá Thaobh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí bean ag buaileadh maistreadh lá amháin agus tháinig gasúr beag isteach agus choimead sé í ag baint an im de'n chuinneoig.
Nuair a bhí an t-im bainte aici thug sí ceapaire do'n ghasúr. Níor dhubhairt an gasur a dhath acht chrom sé a cheann. Chuir an bhean ceist air goidé bhí cearr. Dubhairt an gasúr nach rabh a dhath cearr acht go gcuireann a mháthair im ar an dá thaoibh an aráin.
Dubhairt an bhean gur furasta sin a léigheas agus chuir sí im ar an dá thaoibh. Annsin chuir sí ceist an rabh sé sásta. Dubhairt an gasúr go rabh acht go mór an truaighe nach rabh taobh eile air.

Bailitheoir
Nuala Ní Dhomhnall
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Faisnéiseoir
Maire Ní Domhnaill
Inscne
baineann
Aois
46
Teanga
Gaeilge