Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an chómhnair agus bhain an clár duithe agus thoisigh a ithe na gcnóite. Chuir sé síos arais í agus chuir cúmhdach uirthi. Suidh sé féin i mullach na h-uaighe agus é ag ithe na gcnóite go tiugh géar agus thiocfadh leis.
Bhí sagart taobh amuigh de'n roilig ag imirt chamán, agus tchídh sé an toirt dubh ina suidhe ar an uaigh. 'Sgannruigh sé'. Thoisigh sé a léigheamh ós a cheann ag déanamh go gcuirfeadh sé ar shiubhal é acht ní rabh maith dó ann.
Bhí sean sagairt ar an bhaile a rabh sé ina choimhnuidhe ann nár éirigh ar a chois le seacht mbliadhna roimhe sin, agus smaointigh seiseann go rachadh sé fá na choinne. D'imthigh sé leis ag tarraingt ar teach an t-sean t-sagairt agus d'innis dó goidé mar thárluigh. Dubhairt seisean leis dá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45