Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin chuaidh sluaigh mór daoine tharsta agus páiste leobhtha. Dubhairt an sagart léithe a bheith ar shiubhal annsin ná nach rabh a dhath le teacht uirthi ní ba mhó.
Annsin d'imthigh sí léithe ag tarraingt ar an aonach. Nuair a bhí sí fá giota d'én aonach casadh bean innti agus bhí sí ina suidhe ag déanamh a sgíste agus bhí mála léithe.Bhí an mala caithte ar an chlaidhe ag a taobh. Bhí sí ag iarraidh a thógál acht ní rabh sí ábalta.
Chuir an mhnaoi ceist uirthi, cé chuir an mála trom sin uirthi agus dubhairt sí gur chroch aoide a thug sí dó a leas clann agus gur sin rud a chuir Dia uirthi, agus nach mbainfeadh sé duithe é go bhfiafruigheadh duine éigin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Faisnéiseoir
- Caitlín Nic Aodhachain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45