Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Luinneach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1069, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Chuaidh lacha dhubh agus lacha bhán suas na chnuic. D'fhan an lacha bhán thuas agus tháinig an lacha dhubh anuas.
Fr. Uibh.

Fear gan píopa fear gan sgíste.
Is olc an cú na fiú fead a dhéanamh air.
Ní la na gaoithe lá na scolb.
An té a bhuailtear ins an cheann bíonn an eagla air.
Is fearr cleas amhain maith ná lán mála de chleasanna gan mhaith.
Tús maith leath na h-oibre.
Ceannaigh sean rud agus bí gan aon rud.
Bíonn an fhírinne í féin searbh.
Cuir smacht ar do leanbh ina óige.
Glór mór i gceann beag.
Is maith an t-annlan an t-ocras.
An té nach mbíonn ciall aige bhéarfaidh an saoghal ciall do.
An té bhíos bréagach bíonn sé bradach.
Ná mol is ná cáin tú féin.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge