Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 001
- XML “Scéal Pisreogach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal PisreógachBhí fear ann fad ó shoin agus bhí sé ag dul chun an aonaigh cheannacht beathaigh.
Nuair a bhí sé ag imtheacht chaith a bhean an maide briste ina dhiaidh le adh maith a chur air. D'imthigh sé leis. Nuair a bhí sé giota maith ag siubhal casadh bean ruadh air agus í costárnocht. Labhair seisean leithe agus sheasaidh sise.Tá tú ag dul chun an aonaigh indú a ceannach beathaigh arsa sise. Tá arsa'n fear. Tá súil agam go bhfuighe tú beathach maith arsa'n bhean.D'imthigh an fear go dtí an t-aonach agus cheannuigh sé an beathach. Nuair a bhí sé ag teacht chun an bhaile agus é ag marchaigheacht air, rith cóinín trasna an bhealaigh mhóir, thug an beathach léim agus thuit an fear agus briseadh a mhuineál.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 64
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall