Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 557
- XML “Scéal - Claud”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar rusár.
Chuir an fear ceist air, cá bhfuair sé an ge deas á bhí leis. D’innis Claud an sgéal ó thus go deireadh dó. Rinne mise mo shaidhbhreas, ar an dá chloc mhóra seo.
Thug Claud leis an dhá chloch, agus d’iomchar sé giota fada iad. Trathnóna nuair a bhí sé ag d’éirigh mall. Tháinig sé fhad le sruthán. Chrom sé síos, a ól deoch, agus thuit an dá chloch mhóra isteach ins an t-struthán. D’eirigh sé suas i ndiaidh a beith ag amharc ar na chloca.
D’imthigh sé leis ag tarraingt ar a mhathair. Nuair a tháinig sé fhad leis an teach, bhí luthghair mhór ar a mhathair roimhe, agus dubhairt sí leis, an beith go dtáinig sé, go gcuirfeadh amach as an teach í. Lá thar na bharach, cionnus nach rabh airgead ar bith leis an cíos a dhíol. Acht dubhairt mise go rabh mo mhac ag teacht e i márach, agus go mbeadh airgead go leor leis, a dhiolfas an cíos. “Agus a Chlaud a mhic”, ar sise. Is maith liom go dtáinig tú. Acht a mháthair, arsa Claud eist liom tamall beag, agus innseochaidh mé duit a t-adh a bhí orm.
D’innis sé an sgéal ó thus go deireadh, caidé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamonn Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Srath na Corcrach, Co. Dhún na nGall