Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 555
- XML “Scéal - Claud”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’iarr an fear air, an t-airgead a thabhairt dó, agus bhearfidh mise an capall duit-se.
Annsin arso Claud, tá an mála trom, agus beidh tú saruighte leis, nuair a bhéas tú ins an bhaile. Mar bhíonn sé trom, bheirfidh mise an capall duit arís, agus chan orm - sa a bheas an locht.
Glacfaidh mise an mála, cia bith, arsa - an fear, thug Claud an mála dó, agus chuaidh Claud a mharcaidheacht ar an chapall.
D’fhág sé slán aige, agus d’imthigh leo. Bhí Claud ag cur an chapall na reath, tháinig fearg ar an chapall, agus bhuail Claud é, agus bhuail an capall Claud isteach ins na cosa, agus chaith sé Claud isteach i gcúl an chlaidhe. Bhí sé na luighe annsin ar feadh tamaill, agus ní thiocfadh leis bogadh.
Óch arsa Claud ní fheicfidh duine ar bith, mé ar dhruim capaill go brath arís. Acht dá beith duine ar bith eile a bheadh ann, thuitfeadh sé marbh. Acht bhí an t-adh orm-sa.
D’éirigh sé suas ins an deireadh, agus chuaidh sé, i ndiaidh an chapall. Bhí fear ag teacht an bealach mór, agus bó leis, agus bheir sé greim ar an chapall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eamonn Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Srath na Corcrach, Co. Dhún na nGall