Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 551

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 551

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 551
  3. XML “Scéal Pisreogach”
  4. XML “Scéal Pisreogach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mhnaoi ag dul a bleaghan ní rabh deór air bith bainne aicí.
    Chuir an mhnaoi ceist air an fhear caidé tháinig ar an bhó agus dubhairt seisean nach rabh fhios aige. Dubhairt sé nach dteachaidh sé acht giota de’n bhealach agus go rabh fear ina ina sheasamh ag cainnt leis agus d’innis díthe caidé an t-iongantas mór a rinne sé dé’n bhó agus dubhairt sí leis gur droch amharc a rinne a fear uirthí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal. Pisreógach
    Bhí bean ann am amháin agus ní dheánfadh dath ar bith maith dithe go rachadh a fear amach a iasgaireacht. An trátnóna a bhí ann an lá seo, agus d’imtigh (séo) an t-athair agus a bheirt mhac amach a iasgaireacht agus ní rabh istigh a an bhean ag coimheád an toighe. Ní rabh siad abhfad amuigh gur eirigh an fharrige iongantach garbh, agus d’éirigh an gaoth mhór.
    Bhí an mnaoi istigh agus is é an áit a rabh na cearca aicí thíos i gceann an toighe. I dtráthaibh an dó dhéag a chlogh san oidhche rinne an chearc sgairt. Thóg sise fód mónadh agus chrag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Nic Aodhachain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Caitlín Nic Aodhachain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Seoladh
    An Chorrmhín, Co. Dhún na nGall