Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 540

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 540

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 540
  3. XML “Scéal - An Bhean agus A Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag troid.
    Lá thar-ná-bhárach cuaidh sé go dtí an caisleán thug leis capall agus d’imthigh go dtí an troid agus bhí sé ag troid. Rith an lae agus bhí an bhuaidh leis ag an oidhche. Chuaidh sé chun na bhaile agus níor lig sé a ghath air féin.
    An tríomadh lá chuair sé go dtí an caisleán agus thug leis capall agus chuaidh sé go dtí an (caislean) troid, agus marbh sé an phéist an lá seo. D’imthigh sé annsin agus ní rabh fhios (aige) ag duine ar bhith cé é féin agus ní rabh fhios ag inghean an Righ cé é féin.
    Bhí butais ag inghean an Righ agus dubhairt sí nach rachadh sí ar duine ar bhith acht ar an cé a mharbh an phéist.
    Cruinniughaidh na daoine uilig agus ní rachadh an bhutais ar duine ar bhith acht ar an gasúr seo Bhí iongantas ar na daoine uilig nuair a chuala siad gur badh an gasúr a mharbh an phéist. Pósadh é féin agus inghean ar righ lá thar-na-bhárach, bí bainnis aca a mhair bliadhain agus lá.
    Bhí dóig maith ar an ghasúr ina diaidh sin agus chuir sé cuid mhór airgid chuig na mhathair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caitlín Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    65
    Seoladh
    An Luinnigh, Co. Dhún na nGall