Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Casadh fear air, agus chuir sé ceist air an ndéanfadh sé fastodh leis agus dubhairt an gasur go ndéanfadh agus thug an fear leis chun na bhaile é.
Ar maidin lá-thar na -bhárach d’iarr an maighistir air an ghasúr an t-eallach a chur amach. D’innis sé do go rabh garramh ag taobh an áit a rabh sé an’ ag bhuachailleacht agus d’iarr sé air gan iad a ligin isteach ann.
D’imthigh an gasúr a bhuachailleacht. Nuair a tháinig sé fhad leis an gharramh. D’amhar sé isteach ann agus chonnaic sé ann áit deas a bhí ann.
Dubhairt sé leis féin go gcuirfeadh sé an t-eallach isteach ann. Chuir sé isteach iad agus cuaidh sé féin suas ar chrann a ithe ubhlaí. Ní rabh sé i bhfad shuas go bhfaca sé fathach ag tarraingt air.
D’iarr an fathach air a theacht anuas go muirfeadh sé é. Bhí claidheamh ag an gasúr agus chait sé anuas ar an fathach é agus mharbh sé é.
Nuair a chuir sé an t-eallach chun na bhaile an oidhche sin. Bhí oiread bainne aca gur b’eigin iad a bhliaghe ar an talamh agus bhí luthgháir ar mhaighistir cionnas go rabh gasúr maith aca.
Achan oidhche ar an doigh dhéag a chlog dheánfadh na faithaigh trí bhuithre acht an oidhche seo ní rabh ann acht dhá bhúitre agus dubhairt an maigistir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall