Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 533

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 533

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 533
  3. XML “Scéal - Eachtraí Mhac Rí na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal Eachtraí Mhac Righ Ina h-Éireann
    Bhí rígh i nÉireann fadó agus bhí droch dhóigh air. Bhí mac aige agus bhí crios ag an mhac agus marbh sé dá choileaig dhéag lé bhuile amháin. Dubhairt sé go rabh sé ag imtheacht agus d’imthigh sé.
    Ní rabh sé i bhfad ag shiubhal go bhfaca sé trí fachach ag tarraingt air. Cruinnighe sé lán a phóca de chlocha beaga agus (cra) chuiadh sé suas ar crann. Bhí abhainn ag taobh an chrainn agus bhí droichead uirtí.
    Tháinig an triúr eile a’s sheasaigh ag an droichead. Chaith an gasur cupla cloch ar an fhathach. Shíl an fathach gur an mhuinntir eile a bhí ag caitheamh air agus mhairbh iad a’s chaith amach san abhainn iad.
    Chuir an gasur ceist air ca tuighe a marbh sé iad no go bé eisean a chaith na clocha. Annsin chaith sé sios an crios agus bhí na focla seo scríobhtha air. “Marbhadh dhá chloiginn dhéag lé na bhuile amháin”.
    Sgannruigh an fathach nuair a léig sé seo. Chuaidh an fathach ‘na’ bhaíle agus an gasur leis ar a dhruim. Nuair a chuaidh an fathach asteach un an toighe chuir an bhean ceist air cá rabh an chuid eile. Dubhairt seisean gur mharbh an gasúr seo iad.
    Caithfear an gasúr a chur ar shiubhal ná mairbhfidh sé uilig muid. Cuirfidh muid fiadhailt air arsa’n fathach agus thug sé leis dhá órd mhór. Ceann a bhí deich dtonna agus ceann a bhí fiche tonna. Chaith an fathach urcha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1045: Pulling the Lake Together
    AT1062: Throwing the Stone
    AT1115: Attempted Murder with Hatchet
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Seoladh
    Srath Máirtín, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Máighread Ní Dúbhgáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Carraig an tSeascainn, Co. Dhún na nGall