Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)seisean gur cod Mac Ríogh na h-ioruaidhe. Maise mas tusa cod Mac Ríogh na h-ioruaidhe is tú árd gaisgidh an domhain.
Dubhairt sí gur ise Nighean Ríogh na gilaThug cod iarraidh anonn fá choinne greim a fhághal uirthi acht d’imthigh sí uadh. Thug sí leimh isteach sa churrach arís agus d’imthigh sí léithe amach chun na fairrge agus an t-slat gheal ina [lailmh]? aici. Phill cod ina bhaile annsin agus tháinig sé isteach go teach a athara.
Shuidh sé sa chathair mhór agus rinne sé osnadh. Thuit sé síos frid an chathair mhór Chuala a athair an [tuam]? a rinne sé agus tháinig sé a fhad leis. Goidé a tháinig ort arsa an táthair leis.
D’innis seisean dó an dóigh a dtáinig an bhean air agus an dóigh a d’imthigh sí chun na fairrge arís. Ó arsa an t-athair ná bíodh buaidhreadh ar bhith ort.
Cuirfidhmuid an cabhlach amach i mbárach agus má tá sí le fághál gheobhthar í. Maise, a athair ar seisean nuair a cluinnfeas na righte eile gur chuir tú amach dó cabhlach ní bhéidh fhios aca cé’n ríogacht a bhfuil tú ag dul a chur troide air. Ar maidin lá ar bhárach rinne siad réidh. Thóg siad a gcuid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sádhbha Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall