Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 505

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 505

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 505
  3. XML “Scéal - An Bhean Ghlas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhí lá agus bliadhain ag tarraingt air. D’iarr sé ar a mhathair lón beag aráin a dheanfadh suas dó agus rinne. D’imthigh sé leis a chuartughadh na mná glaise. Nuair a bhí tráthnóna ann chonnaic sé solus i bhfad [uadh]? agus d’imthigh sé leis ag tarraingt ar an t-solus. Teach beag a bhí ann a rabh bun cleite amach agus bárr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an toigh agus na sugáin.
    Chuaidh sé isteach agus d’iarr sé lóistín dubhairt fear an toighe nach rabh áit aige dó acht fá dheireadh dubhairt sé go gcoinneochadh sé é. D’innis an gasúr seo dó fear an toighe goidé thug ún toighe é.
    Dubhairt an fear leis go rabh dearbhreathair dó sin ina leithid seo de áit agus bheith aige oidhche ar na bárach. Nuair a d’éirigh fear an toighe ar maidin bhí an gasúr seo ina shuidhe comh luath leis.
    Shéidh se fideóg cá rabh éan ar an t-saogal nach rabh cruinnuighaidh i gcionn tamaill acht an bhean ghlas chá rabh an bhean ghlas le fághal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sádhbha Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall