Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fá’n teach.
An oidhche sin cuaid an gasúr go teach na cuimhre agus suigh sé shuas ar balla bheag agus nuair a bhí an maighistir ag damhsa bhuaileadh sé súil roimhe agus ceann ina dhiaidh.
D’iarr an maighistir air stad na go rabh sé salach cáidheach aige. Nuair a bhí an maighistir réidh le imtheacht dubhairt sé le Diarmuid go gcaitheadh sé solus a choinneál roimhe agus ceann ina dhiaidh.
D’imthigh Diarmuid amach agus chuir sé garadh na gcruach theac an maighistir ar theinidh agus annsin chuir sé gáradh na gcruach a bhí ag teach na cuimre ar theinidh fosta.
Annsin phill sé go teach na cuimhre agus d’iarr sé ar an maighistir teacht leis anois ina bhí solas a gheith roimhe agus ceann na dhiaidh agus é deifre a deánamh na gó mbeadh siad as.
Nuair a tháinig an maighistir amach bhí corraidh mhór air nuair a (tháinig) chonnaic sé a chuid cruach ar theinidh agus go rabh na súile as gach ainmhidhe dá rabh fá’n teach.
Phill siad na bhaile agus thug an maighistir a thuarastal do Dhiarmuid agus d’iarr air a bheith ar shiubhal.
Nuair a d’fhág Diarmuid teac an mhaighistire chuaidh sé go dtí Seán agus bhí siad beo go maith o sin amach.- Bailitheoir
- Domhnall Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Nic Giolla Easbuig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall