Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 485

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 485

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 485
  3. XML “Scéal - An tAsal agus an Madadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An n-asal agus an madadh.
    Bhí madadh ag feirmóir fá choinne an toigh agus bhí asal aige fá choinne an obair a deánamh amuigh. Bhí dúl mhór ag an fheirmóir ins an mhadadh agus bféafadh sé ach an chineál dó le ithe Ní rabh an n-asal ag fagháil a dhath le ithe acht féar agus chaithfeadh sé oibruighadh go cruaidh.
    Ní rabh an n-asal sásta le seo agus smaoitidh sí go rachadh sí go dtí an maighistir agus ndeánfadh sé an rud céadhna a dheánfadh an madadh agus beitir nach mbéadh fiachadh urthi oibruighadh. Nuair a chuaidh an n-asal go dtí an maighistir d’fheach sí a bheith cosamhal leis an madadh.
    Chuaidh sí suas fhad leis an mhaighistir agus chuir sí a cuid cosa suas air. Ghlac an maighistir coraid leis agus ghread sé amach ar an doras í. Tháinig sí isteach an dara h-uair agus cuireadh amach an dara h-uair í.
    Ghlac an n-asal fuath d’on mhadadh agus nuair a fuair sí greim ar an mhadadh marbhaigh sí é. Bhí corraidh ar an mhaighistir léithe agus mharbhuigh sé i. Bhí sé gan asal ná madadh annsin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall