Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)
- Suíomh:
- An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luinneach
- XML Leathanach 480
- XML “Scéal - An Dá Fhathach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- “An dá Fathach”.Bhí fathach thall i n-Albain agus smaoitidh sé go dtiocfadh sé anall go gcuireadh sé troid ar an fhathach a bhí i bfus i n-Éirinn. Chuir sé sgéala anall go rabh sé i teacht anall. Bhí eagla ar an fhathach roimhe agus d’iarr a mhnaoi air gan eagla ar bith a bheith air.
Thug sí léithi é agus chuir sí na luighe sa chliabhán é. D’iarr sí air gan bogadh. Tháinig an fathach go dtí an doras agus tháinig sé isteach. Chuir sé ceist cá rabh na fir. D’ubhairt seise go rabh siad amuigh as go mbéadh siad isteach ar bhomaite.
Chuir sé ceist cia a bhí sa chliabhán. Dubhairt seise gur an leanbh. Chuaidh sé go dtí an cliabhán agus chuir sé a chuid méara isteach i mbéal an leinibh go bhfeiceadh sé a rabh fiacla aige. Bhain an leanabh an mhéara dó.
D’iarr sé annsin giota feóla agus arán a thabhairt dó. Dubhairt an bhean nach rabh a dhath feóla istoigh. D’iarr sí air a dhul amach na cnuic agus bolag a thabhairt isteach agus a rósadh.
Chuaidh sé amach agus thug sé isteach é. Rósadh an bholag agus dith sé é agus dith sé bonag aráin choirce fosta. Bhí tart air annsin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Nuala Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72
- Seoladh
- Srath na Bruaí, Co. Dhún na nGall