Scoil: Luinneach (uimhir rolla 13958)

Suíomh:
An Luinnigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Giolla Chomhghaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 473

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 473

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Luinneach
  2. XML Leathanach 473
  3. XML “Scéal - An Rí agus Triúr Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar sin fosta. Chuaidh sé suas go dtí an gé, fuair sé ar a dhruim. D’imthigh an gé mar an ghaoth, agus d’fhág sí (a) ins an gharramh ins an domhan thoir é. Bhain sé lán mála d’imthigh sé isteach i caisleán, agus bhí siad uilig ná gcodhladh, agus thug sé leis ór, agus airgead. D’imthigh sé ar a dhruim an ghé, agus shroich sé an teach a rabh an fear a bhí dhá chead bliadhain, agus thug sé ceann de na h-ubhlaí do, agus d’éirigh sé óg arís. D’imthigh sé leis arís, ag tarraing ar an fhear a rabh chead.
    Chuir seisean ceist air an bhfuaidh sé an t-ubhall. Dubhairt seisean go bhfuair sé go leór aca. Thug sé ceann aca dó fosta, agus bhí seisean óg annsin. D’imthigh sé leis tarraingt ar an bhaile. Bhí sé (?) turrseach agus (bí) luig sé ar an mhála agus thuit sé na codhladh. Tháinig an bheirt eile agus dhá mhála ubhallaí leobhtha. Thug siad leobhtha mála na ubhallaí maith agus rann siad iad.
    D’fhág siad mála ná ubhallaí olca, ag an mhac amaideach. D’imthigh an bheirt eile agus luthgháir mhór ortha. Nuair a mhusgail an fear amaideach, ní rabh aige acht mála ubhallaí olca. Bhí buaidhreadh air, agus d’imthigh chun an na bhaile, agus chuir a athair ceist, amach é agus ní rabh sé i bhfad amuigh go dtáinig cóiste, go dtí an teach, agus tháinig Ríogh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Anna Ní Baoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Aois
    41
    Seoladh
    An Charraig, Co. Dhún na nGall